Ainm: | Éamonn Mháire Mac Ruairí | |
Áit Chónaithe: | An Seanbhaile, An Fál Carrach |
Áit Dúchais: | Baile Thoir, Oileán Thoraí |
Catagóir: | Taisteal agus Gnó |
Fochatagóir: | Báid agus Longa |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Méid an bháid ar thosaigh sé ag iascaireacht uirthi ar dtús. Peter Shovelin as na Dúnaibh a thóg an bád. (Tá eolas tógtha uaidh seo ag Dónalll, ID 127). | 00:02:16 | |
A chuimhne ar am an chogaidh, ina chónaí ar an oileán agus ag feiceáil na conbhuanna ag dul thart ar chúl an oileáin. An Soitheach Mór ‘An Wasp’ agus an scéal mar a cailleadh í ar na creagacha i gcúl theach an tsolais nuair a cuireadh an solas as. Tá scéal eile a deir go bhfuil cloch mallachta i dToraigh agus gur thiontaigh lucht an oileáin cloch na mallachta ar an ‘Wasp.’ Deirtear go bhfuil an chloch sin curtha sa reilig ar an oileán. Cuireadh cuid acu istigh ar an oileán. Tá léir daoine a bádh i rith an chogaidh curtha i dToraigh. | 00:04:36 | |